Nuacht
Stiúideonna Nua Raidió na Life oscailte go hoifigiúil!
Dé Máirt, 03 Aibreán 2018
Ag ócáid a reáchtáladh oíche aréir, 28ú Márta, d’oscail an craoltóir aitheanta ó RTÉ Raidió na Gaeltachta agus Raidió 1, Cormac Ó hEadhra, iar-chraoltóir le Raidió na Life, stiúideonna nua an stáisiúin ag 63 – 66 Sráid Amiens, i mBaile Átha Cliath 1 go hoifigiúil.
Le linn dó a bheith ag caint ag an oscailt oifigiúil, mhol Ó hEadhra, craoltóir atá aitheanta go forleathan ní hamháin i saol na craoltóireachta Ghaeilge ach i réimse na craoltóireachta Bhéarla chomh maith, na deiseanna a chuireann Raidió na Life ar fáil do chraoltóirí óga lena gcéad bhlaiseadh a fháil ar an gcraoltóireacht, mar a rinne sé féin agus é ina mhac léinn in Ollscoil Chathair Átha Cliath sna 1990í. Labhair sé faoin tionchar dearfach a imríonn Raidió na Life ar phobal ar leith de chainteoirí Gaeilge a chruthú agus a chothú taobh istigh de phobal níos leithne na Gaeilge i mBaile Átha Cliath, agus thagair sé don ról a imríonn Raidió na Life i dtreisiú agus i dtacú le féiniúlacht láidir dá gcuid féin a bheith forbartha agus sealbhaithe thar na blianta ag cainteoirí Gaeilge na hardchathrach. Labhair sé go fonnmhar freisin faoi na cuimhní cinn a bhí aige ar a chuid ama mar láithreoir ar Raidió na Life agus na ceachtanna a d’fhoghlaim sé faoin ngairm le linn dó a bheith ag cur cláir i láthair ar an stáisiún.
Tá stiúideonna nua-thógtha Raidió na Life agus oifigí nua an stáisiúin lonnaithe taobh le taobh le hoifigí Fhoras na Gaeilge i gceannáras nua na heagraíochta uile-oileánda, a chuireann an Ghaeilge chun cinn ar fud na hÉireann, thuaidh agus theas. Tógadh na stiúideonna nua ag Raidió na Life mar chuid den phróiseas athlonnaithe a tharla le déanaí nuair a bhog Foras na Gaeilge agus Raidió na Life ón seanbhaile a bhí ag an dá eagraíocht ag uimhir a 7 Cearnóg Mhuirfean i mBaile Átha Cliath 2, go dtí an ceannáras nua i Sráid Amiens, i dtuaisceart na cathrach. Is ag 7 Cearnóg Mhuirfean a bhí Raidió na Life lonnaithe ón am gur bunaíodh an stáisiún agus gur tháinig sé ar aer ar dtús i 1993, agus is ann a bhí Foras na Gaeilge ó bunaíodh an eagraíocht sin mar chuid de Chomhaontú Aoine an Chéasta i 1998, ag teacht i gcomharbacht ar Bhord na Gaeilge, a bhí lonnaithe i gCearnóg Mhuirfean ó na 1970í.
Tá gailearaí grianghraif iomlán den ócáid oscailte, ócáid gur thacaigh Ciste 125 léi mar chuid de Bhliain na Gaeilge 2018, ar fáil anseo.