Nuacht
Seoltar Aerthonnta.ie ag oifigí BAI
Déardaoin, 15 Márta 2018
Tá www.AERTHONNTA.ie beo!
Acmhainn dhigiteach don Ghaeilge ar na haerthonnta!
Ag ócáid in oifigí Údarás Craolacháin na hÉireann (BAI) i mBaile Átha Cliath inniu, sheol Raidió na Life le tacaíocht ón Údarás Craolacháin suíomh gréasáin www.aerthonnta.ie - seirbhís eolais do chraoltóirí raidió Gaeilge san earnáil raidió neamhspleách agus don phobal araon.
Seirbhís é Aerthonnta a chuirfidh Raidió na Life ar fáil agus atá dírithe ar láithreoirí a bhíonn ag craoladh trí Ghaeilge ar stáisiúin raidió éagsúla ar fud na hÉireann agus ar an bpobal i gcoitinne.
Feidhmeoidh an suíomh gréasáin mar fhoinse eolais lárnach do gach a mbaineann leis an nGaeilge in earnáil na craoltóireachta raidió neamhspleáiche.
Scaipfidh Aerthonnta.ie eolas mar gheall ar imeachtaí; nuacht a bhaineann le hearnáil na craoltóireachta raidió neamhspleáiche agus príomhscéalta na Gaeilge ar an raidió in earnáil an Bhéarla, go príomha. Beidh béim ar leith ar eolas a scaipeadh mar gheall ar chláir Ghaeilge ar stáisiúin raidió neamhspleácha ar fud Phoblacht na hÉireann (dlínse rialaithe an BAI) - idir stáisiúin áitiúla, náisiúnta agus phobail.
Arsa Michael O’Keeffe, Príomhfheidhmeannach an BAI ag an seoladh:
“Tá sé ina ábhar áthais don BAI an suíomh gréasáin seo a sheoladh inniu. Beidh an suíomh ann mar phointe lárnach eolais do lucht raidió na Gaeilge, go háirithe iadsan atá ag craoladh cláracha as Gaeilge i stáisiúin Bhéarla thart timpeall na tíre.”
Arsa Muiris Ó Fiannachta, Bainisteoir Stáisiúin Raidió na Life, ag an ócáid:
“Tá an-áthas agus an-mhórtas orainn i Raidió na Life an tseirbhís ar shuíomh gréasáinwww.aerthonnta.ie a sheoladh inniu, ag tógáil ar an tseirbhís atá á soláthar againn le bliain anuas trí bhranda Aerthonnta ar na meáin shóisialta trí Twitter agus Facebook, le tacaíocht ón BAI. Tríd an tseirbhís a bheith ar fáil anois ag foinse eolais lárnach ar aerthonnta.ie, tá forbairt mhór déanta uirthi agus tá suíomh gréasáin tarraingteach, snasta agus cuimsitheach ar fáil d’éinne gur mian leo eolas a chuardach mar gheall ar na láithreoirí raidió éagsúla atá ag cur cláir raidió i láthair trí Ghaeilge ar stáisiúin ar fud na tíre – go príomha na stáisiúin sin a fheidhmíonn trí Bhéarla den chuid is mó, agus an rogha clár atá ar fáil i nGaeilge ar na stáisiúin sin.
Dúirt Judy-Meg Ní Chinnéide, Oifigeach Forbartha & Oiliúna Raidió na Life:
“Leis an suíomh úrnua, www.aerthonnta.ie, beimid in ann tógáil ar an obair atá déanta go dtí seo chun ardán a thabhairt do na cláir Ghaeilge atá á gcraoladh thart timpeall na tíre. Táimid ag súil go mór le níos mó tacaíochta a thabhairt do chraoltóirí agus dóibh siúd gur spéis leo craoladh as Gaeilge, go háirithe san earnáil Bhéarla.”
Seoladh seirbhís Aerthonnta ar na meáin shóisialta in 2017 ag @aerthonnta ar Twitter agus ar Facebook ag facebook.com/aerthonnta, leis an tseirbhís ar fáil freisin trí shuíomh gréasáin Raidió na Life.
Seirbhís í Aerthonnta a bhíodh ar fáil faoin mbranda 'Cogar', a bhí á reáchtáil agus a soláthar ag Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge (nach ann dó a thuilleadh mar eagras) go dtí 2014. Shocraigh Raidió na Life i gcomhar le Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge agus an BAI athnuachan agus athsheoladh a dhéanamh ar an tseirbhís tríd an tionscnamh nua Aerthonnta tar éis gur tháinig deireadh le Cogar.