Línte Vótála Oscailte do Réalta Óg na Bliana 2018

Dé Máirt, 11 Meán Fómhair 2018

D’fhógair an tOireachtas inniu (11 Meán Fómhair) an gearrliosta do Réalta Óg na Bliana 2018. Cúigear atá ainmnithe ar ghearrliosta na bliana seo. Is iad sin Niamh Ní Chróinín (Raidió RíRá / RTÉ Raidió na Gaeltachta / Spin1038), Damien Ó Dónaill (RTÉ Raidió na Gaeltachta), Ciara Ní É (Blagálaí), Doireann Ní Ghlacáin (Fleadh TV, TG4) agus Eoghan Ó Loideáin (Dochreidte Gan Dabt, TG4). Ba ar Sláine Ní Chathalláin (RTÉ Raidió na Gaeltachta), a bronnadh gradam Réalta Óg na Bliana 2017.

Is ar bhonn vóta poiblí a bhronnfar gradam Réalta Óg na Bliana. Beidh deis ag an bpobal vóta a chaitheamh dá rogha féin den chúigear trí théacs a sheoladh. Dúnfar na línte vótála ag meán lae, Dé Máirt, 30 Deireadh Fómhair 2018. Cosnaíonn téacsanna €1.00/£1.00 an ceann. 

Déanaim comhghairdeas ó chroí leis na réaltaí óga atá ar ghearrliosta na bliana seo”, a dúirt Stiúrthóir an Oireachtais, Liam Ó Maolaodha. “Chuireamar tús leis an ngradam seo in 2015 agus is iontach an spreagadh a thugann sé don dream óg atá ag obair in earnáil na meán cumarsáide Gaeilge. Tá éacht faoi leith bainte amach ag gach duine atá ainmnithe agus tá ríméad orainn san Oireachtas an t-aitheantas ceart a thabhairt dóibh,” a deir sé.

Ceiliúrfar 20 bliain de Ghradaim Chumarsáide an Oireachtais i mbliana. Fógraíodh an gearrliosta iomlán ar an 4 Meán Fómhair. Fógrófar buaiteoir Bhuaic-Ghradam Cumarsáide an Oireachtais Dé Máirt, 23 Deireadh Fómhair 2018. 

Bronnfar Gradam Réalta Óg na Bliana le linn Ócáid Bhronnta Ghradaim Chumarsáide uile an Oireachtais 2018 a bheidh ar siúl san INEC, Cill Airne, Co. Chiarraí, Dé Céadaoin, 31 Deireadh Fómhair 2018, le linn Oireachtas na Samhna. Tá gach eolas maidir leis na Réaltaí Óga ar fáil ag www.antoireachtas.ie.

Tá eolas maidir leis an gcóras vótála thíos.

Téacsáil an focal GRADAM agus UIMHIR chuig: 57003 ó Phoblacht na hÉireann, 60999 ó Thuaisceart Éireann nó ón mBreatain Mhór

  • CHRÓINÍN téacsáil GRADAM101
  • DAMIEN Ó DÓNAILL téacsáil GRADAM102
  • CIARA NÍ É téacsáil GRADAM103
  • DOIREANN NÍ GHLACÁIN téacsáil GRADAM104
  • EOGHAN Ó LOIDEÁIN téacsáil GRADAM105