Fáilte go suíomh nua Aerthonnta!

Dé Domhnaigh, 11 Márta 2018

Tá áthas orainn an suíomh gréasain úrnua seo, aerthonnta.ie, a roinnt libh. Seirbhís eolais dhigiteach do lucht raidió na Gaeilge é Aerthonnta. Tá sé dírithe orthu siúd a bhíonn ag craoladh trí Ghaeilge ar stáisiúin raidió éagsúla ar fud na hÉireann agus scaipimid eolas ar an bpobal ina iomláine mar gheall ar na cláir atá ar fáil dóibh ar na stáisiúin raidió atá ag craoladh sa cheantar ina bhfuil siad féin ag cur fúthu. Is tionscadal comhpháirtíochta é Aerthonnta idir Raidió na Life agus  Údarás Craolacháin na hÉireann.

Tá níos mó eolais faoin tseirbhís ar fáil anseo agus molaimid brabhsáil a dhéanamh thart timpeall an tsuímh.