DJ Taoiseach ar Raidió na Life

Dé Luain, 12 Márta 2018

Ag ócáid a reáchtáil Foras na Gaeilge ar an 30ú Eanáir, d’oscail an Taoiseach Leo Varadkar an foirgneamh ina bhfuil ceannáras nua an Fhorais ag 63 – 66 Sráid Amiens, i mBaile Átha Cliath 1 go hoifigiúil.

Thug an Taoiseach cuairt impromptu ar stiúideonna nua-thógtha Raidió na Life le linn dó a bheith ar an láthair, áit a bhfuil stiúideonna agus oifigí nua an stáisiúin lonnaithe taobh le taobh le hoifigí Fhoras na Gaeilge.

Le linn dó a bheith ag tabhairt cuairte ar na stiúideonna úrnua – nach bhfuil oscailte fós, agus a sheolfar go hoifigiúil níos déanaí an mhí seo – bhí an Taoiseach ar an gcéad duine le triail a bhaint as an ndeasc fuaime nua i Stiúideo 1 sna stiúideonna úrnua ag Raidió na Life, atá ar na háiseanna craolacháin is taifeadta fuaime is nua-aimseartha agus is ceannródaíocha atá ag aon stáisiún raidió pobail in Éirinn sa lá atá inniu ann.

Léirigh an Taoiseach an t-áthas pearsanta a bhí air an deis a bheith aige bualadh le foireann Raidió na Life le linn oscailt oifigiúil Fhoras na Gaeilge agus mhol sé go mór an obair den scoth a dhéanann Raidió na Life chun an Ghaeilge a chur chun cinn i mórcheantar Átha Cliath agus seirbhís raidió trí Ghaeilge a chur ar fáil do chainteoirí Gaeilge na hardchathrach - idir óg is aosta agus idir chainteoirí líofa agus foghlaimeoirí, agus dár ndóigh daoine gur mian leo feabhas a chur ar an nGaeilge atá acu, cainteoirí Gaeilge atá ar aon dul leis féin san áireamh.

Thug sé moladh ar leith don gcur chuige atá ag an stáisiún ó am a bhunaithe chun cláir ar an iliomad ábhair éagsúla a chur i láthair i stíl chomhaimseartha agus fuinniúil a mheallann go háirithe daoine óga agus foghlaimeoirí na teanga le bheith ag éisteacht le raidió trí Ghaeilge. D’aithin sé freisin an ról tábhachtach a imríonn Raidió na Life i dtírdhreach uirbeach comhaimseartha na Gaeilge, go háirithe trí nasc a chruthú idir an teanga agus lucht leanúna stíleanna éagsúla ceoil - pop-cheol, rac-cheol, ceol ailtéirneach agus ceol leictreonach ina measc. Tá clú ar leith ar Raidió na Life ó am a bhunaithe as ucht a réimse eicléictiúil ceoil. Tá an stáisiún ag ceiliúradh a 25ú bliain ar an aer i 2018.