Nuacht
Deis ag Dublin City FM
Déardaoin, 22 Márta 2018
Tá 103.2 Dublin City FM ag lorg láithreoir nua ar 'Rudaí Mar Sin', clár irise a mhaireann leathuair. Díríonn an clár ar imeachtaí na seachtaine chomh maith le rudaí a bheidh ar siúil sna laethanta amach romhainn. Tá fáilte roimh scéalta a bhaineann le cúrsaí reatha, spóirt, siamsaíocht, gradaim agus ar uile. Tá thart ar 150 oibrí deonacha páirteach in 103.2 Dublin City FM. Má tá spéis agat sa ról, cuir CV chuig mickhanley@dublincityfm.ie