Nuacht
An Ghaeilge le ceiliúradh ag 4,000 duine san Ardchathair
Déardaoin, 12 Aibreán 2018
Tarlóidh príomhimeacht Bhliain na Gaeilge, mórfhéile shráide BEO - Gaelach & Bródúil Dé Sathairn, 14 Aibreáin i gcroílár Bhaile Átha Cliath, agus siúlfaidh 4,000 duine trasna na cathrach.
I measc aoichainteoirí an lae beidh Uachtarán na hÉireann, Michael D Hig gins, ag labhairt leis an slua, chomh maith leis an triúr ambasadóir ar Bhliain na Gaeilge 2018; Bláthnaid Ní Chofaigh, RTÉ, Eoghan McDermott, RTÉ, agus Lynette Fay, BBC. Beidh Scannal, Kíla agus Delorentos ag seinm ón ardán chomh maith. Beidh imeachtaí teaghlaigh á reáchtáil laistigh de Chearnóg Mhuirfean chomh maith, le cluichí, taispeántais lámhchleasaíochta, Púca Puppets, agus ceardlanna éagsúla- ióga agus damhsa ar an sean-nós ina measc.
- 12:00 Ag cruinniú ag Cearnóg Parnell
- 13:00 Siúil trasna na cathrach
- 14:00 Sroichfidh an slua ardán ar Chearnóg Mhuirfean. Cuirfear tús le siamsaíocht, óráidí agus ceoil ar an ardán.
- 15:00 Críoch le cúrsaí ar an ardán. Tosnóidh ceardlanna & spraoi sa Chearnóg ansin, oiriúnach do theaghlaigh & gach aoisghrúpa.
Tá gach eolas ar fáil ag Gaeilge2018.ie, agus is iad #GaeilgeBheo agus #Gaeilge2018 na haischlibeanna oifigiúla a bheidh in úsáid ar an lá.