An Ghaeilge le ceiliúradh ag 4,000 duine san Ardchathair

12 Aibreán 2018

Tarlóidh príomhimeacht Bhliain na Gaeilge, mórfhéile shráide BEO- Gaelach & Bródúil Dé Sathairn, 14 Aibreáin i gcroílár Bhaile Átha Cliath, agus siúlfaidh 4,000 duine trasna na cathrach. 

I measc aoichainteoirí an lae beidh Uachtarán na hÉireann, Michael D Hig gins, ag labhairt leis an slua, chomh maith leis an triúr ambasadóir ar Bhliain na Gaeilge 2018; Bláthnaid Ní Chofaigh, RTÉ, Eoghan McDermott, RTÉ, agus Lynette Fay, BBC. Beidh Scannal, Kíla agus Delorentos ag seinm ón ardán chomh maith.  Beidh imeachtaí teaghlaigh á reáchtáil laistigh de Chearnóg Mhuirfean chomh maith, le cluichí, taispeántais lámhchleasaíochta, Púca Puppets, agus ceardlanna éagsúla- ióga agus damhsa ar an sean-nós ina measc.

12:00 Ag cruinniú ag Cearnóg Parnell

13:00 Siúil trasna na cathrach

14:00 Sroichfidh an slua ardán ar Chearnóg Mhuirfean.

Cuirfear tús le siamsaíocht, óráidí agus ceoil ar an ardán.

15:00 Críoch le cúrsaí ar an ardán. Tosnóidh ceardlanna &

spraoi sa Chearnóg ansin, oiriúnach do theaghlaigh & gach aoisghrúpa.

Tá gach eolas ar fáil ag Gaeilge2018.ie, agus is iad #GaeilgeBheo agus #Gaeilge2018 na haischlibeanna oifigiúla a bheidh in úsáid ar an lá.