Páirtnéirí

Is tionscadal comhpháirtíochta é Aerthonnta idir An tOireachtas agus Údarás Craolacháin na hÉireann.

An tOireachtas
Ceanneagraíocht is ea An tOireachtas sa réimse, ‘Deiseanna a thacaíonn le hÚsáid na Gaeilge agus Bunú Gréasán’. Eagraíonn An tOireachtas féilire imeachtaí gach bliain, ina measc, Gradaim Chumarsáide an Oireachtais, Comórtais Liteartha & Foilsitheoireachta agus sraith imeachtaí spóirt, cultúir agus ealaíne. Is é Oireachtas na Samhna, príomhfhéile náisiúnta na nGael, ár mór-imeacht bliantúil, áit a ndéantar ceiliúradh ar na taibh-ealaíona traidisiúnta agus ar ealaíona teangabhunaithe na Gaeilge.
Cuireann Foras na Gaeilge bunmhaoiniú ar fáil don Oireachtas.

Údarás Craolacháin na hÉireann
Is é Údarás Craolacháin na hÉireann (BAI) rialtóir craolacháin na hÉireann. Tá téarmaí tagartha an BAI sonraithe in Acht Craolacháin 2009. Tá an BAI tiomanta d’fheidhmiú mar rialtóir éifeachtach, a mbeidh iontaoibh ag an bpobal, ag craoltóirí agus ag reachtóirí as, rialtóir a fhreastalóidh ar riachtanais féachana agus éisteachta phobal na hÉireann, san am i láthair agus sna blianta amach romhainn.