Dé hAoine, 20 Samhain 2020

Colm Feiritéar
Láithreoir ar Highland Radio

Colm Feiritéar
Labhair Aerthonnta le Colm Feiritéar maidir leis an ngradam agus gach a bhaineann leis an gclár agus an stáisiún

Bhí muid ag caint le Colm Feiritéar, Láithreoir ‘Ruaille Buaille’ ar Highland Radio, (Buaiteoir Chlár Gaeilge na Bliana ar Raidió Tráchtála ag Gradaim Chumarsáide an Oireachtais 2020) maidir leis an ngradam agus gach a bhaineann leis an gclár agus an stáisiún.

Buaiteoir Chlár Gaeilge na Bliana ar Raidió Tráchtála 2020 – Gradaim Chumarsáide an Oireachtais

1. Bhuaigh tú Clár Gaeilge na Bliana, inis dúinn faoi sin.
Ah, tá lúcháir an tsaoil orm sin a chloisteáil, nuair a bhriseadh an scéal, bhí lúcháir orm. Is ábhar dóchais atá ann agus tá mé fíor-bhródúil as an duais a bhaint amach. Go háirithe i mbliana i gcomhair achan rud eile atá ag titim anuas orainn.

2. Inis dúinn faoin chlár.
Is saghas, irischlár seachtainiúil atá ann, Ruaille Buaille ar Highland Radio. Clúdaíonn muid réimse leathan d’ábhair, macasamhail cúrsaí cultúrtha, cúrsaí teanga, ceol agus aisteoireacht, drámaíocht agus a leithéidí. Rud ar bith is féidir linn a chraoladh atá ar chaighdeán measartha ard! Déanfaimid ceangail leis na scoileanna agus na hInstitiúidí Oideachas thart orainn sa Tuaisceart. Tá muid ag freastal ar an phobal Gaeilge agus muintir atá ag foghlaim teanga idir na trí chontae, contae Thír Eoghain, contae Dhoire agus contae Dhún na nGall. Agus cé gur clár Gaeilge atá ann, cuirfimid fáilte roimh éisteoirí d’achan cineál. Tá muid ar fáil ar an idirlíon chomh maith ar highlandradio.com, tá achan rud craolta beo agus na cláir uilig a dhéanann muid, tá siad ar fáil beo ar an suíomh. Agus, bíonn podchraoltaí ann i ndiaidh an chláir fosta, níl siad uilig ar fáil faoi láthair mar tá muid ag déanamh cláir réamhthaifeadta ach na cláir atá déanta beo ar fáil ar shuíomh an stáisiúin chomh maith!

3. Cad é mar a bhí cúrsaí oibre i rith Covid-19? An mbíonn an stáisiún ag tacú leat?
Bhuel, tá mé sa bhaile faoi láthair, ní raibh mé sa stiúideo ó Mhí an Mhárta. Ach, tá cuid mhór stuif réamhthaifeadta agamsa, cuirimse an clár le chéile agus an eagarthóireacht mar a dúirt tú. Ach, cuirim an clár uilig le chéile, is mise an léiritheoir agus an láithreoir agus déanaim na cnaipí istigh sa stiúideo. Déanaim teagmháil leis na haíonna, más duine é ceoltóir nó duine atá ag dul píosa beag cainte a dhéanamh. Is mise a dhéanann an rud uilig ach cuidíonn na láithreoirí eile ag an stáisiún liom le cúrsaí poiblíochta agus bolscaireachta. Tá foireann bhreá, dearfach, gníomhach, bríomhar ann agus tugann siad tacaíocht domsa le linn na bliana.

4. An mbíonn an lucht éisteachta páirteach sa chlár?
B’fhearr liomsa i bhfad, an clár beo mar go gcruthaíonn sé atmaisféar agus an smaoineamh atá sa chúlra i gcónaí ná go bhfuil muid ag déanamh teagmháil le daoine mar a bheadh duine nó comharsa ag bualadh isteach sa teach s’acu agus ag caint ar chúrsaí an tsaoil agus tá sé iontach neamhfhoirmiúil agus píosa craic atá ann. Sílim go bhfuil  sé sin tábhachtach -  b’fhearr liom i bhfad é a dhéanamh beo, má dhéanann tú botún, tá sin saghas normálta chomh maith agus tagann sé trasna go nádúrtha, tá i bhfad níos mó craic ann fosta. Tarlaíonn rudaí ar an aer nach dtarlaíonn nuair atá tú ag déanamh taifid. Mothaím i bhfad níos compordaí ag obair beo ar an aer, in áit a bheith ag déanamh rudaí roimh ré. Saghas comhrá i gceist, tae agus comhrá go díreach. Mar a dhéanfá le duine de na comharsana, bualadh isteach agus bladhaire a bheith agat agus cupán tae. Rudaí atá iontach neamhfhoirmiúil agus béim ar an chraic, agus an comhrá agus an chomhluadar!

5. Téann na páistí chuig an stiúideo leat.
Tá na gasúir mhóra, tá siad 12 agus 11 d’aois, tá siad ag foghlaim giotaí is píosaí fosta fá dtaobh de, innealra an chláir agus cén dóigh é a chur le chéile. Tá sin maith daofa fosta.

6. Cá fhad is atá tú ag obair ar an raidió?
Thosaigh mé seacht mbliana ó shin i Mí an Mhárta seo, seacht mbliana agus míonna, ocht nó naoi mí. Téann sé thart iontach gasta dár ndóigh. Bhain muid duais eile ar ais i 2015. Bhain muid an stáisiún tráchtála is fearr in Éirinn ag craoladh trí mheán na Gaeilge agus ainmniúchán anuraidh fosta ag Oireachtas na Gaeilge. Ach, i mbliana, seo an chéad uair ar bhain an clár rud inteacht go haonarach agus tá mé fíor-bhródúil as sin, agus as na haitheantais uilig a fuair muid thar na mblianta.

7. Dá mbeadh deis agat agallamh a chur ar dhuine ar bith, cé a roghnófá?
Dá mbeadh cúpla focal ag Ricky Gervais b’fhéidir, ba mhaith liomsa eisean a chur faoi agallamh! Tá mé ag smaoineamh cuid mhór ar chlosleabhair agus b’fhéidir scileanna difriúla sna meáin a iniúchadh maidir le cláir teilifíse. Rinne mé cúpla ceann ansin anuraidh, ‘Is mise’ ar TG4 agus rudaí fá choinne páistí. Ba mhaith liomsa an réimse taithí atá agam a leathnú ó thaobh píosaí aisteoireachta nó na leithéidí a dhéanamh, closleabhair an t-ainm atá orthu sílim, a chur i gcló nó a thaifead. Rud inteacht difriúil a bhaineann leis an chineál meon atá ar obair faoi láthair, maidir le craolachán agus craoltóireacht.

8. An bhfuil mórán Gaeilge ag Ricky Gervais?
Tá níos mó Fraincise aige ná Gaeilge! Tá sé tábhachtach go bhfuil píosa craic ann, tá Rónán Mac Aodha Bhuí, tá sé iontach maith mar sin! Jenny Greene - déanann sí teagmháil mhaith leis an lucht éisteachta, Eoghan Mac Diarmada fosta mar gheall ar an Ghaeilge. Tá Gaeilge ar a thoil aige agus baineann sé úsáid as go nádúrtha. Bíonn craic aige tríd an teanga agus sílim go bhfuil sé fíor-thábhachtach.

Ár mbuíochas le Colm Feiritéar.